Ciseán 0

Leabhar Laethanta – Donla uí Bhraonáin (Cois Life, 2013) 16 Samhain 2013 – Posted in: Gan chatagóir

Sa bhfíseán gairid seo, tugann Donla uí Bhraonáin léargas ar a bhfuil in Leabhar Laethanta (Cois Life, 2013). Leabhar a thugann spás ar leith do gach lá den bhliain (365 lá) agus a sholáthraíonn míreanna gearra eolais faoi ghnéithe éagsúla de stair agus de shaíocht na hÉireann in aghaidh gach lae. Fágtar spás beag bán in aghaidh gach lae inar féidir leis an léitheoir a c(h)uid nótaí/meabhrán féin a scríobh. ISBN: 978-1-907494-30-7; Foilsithe: 2013; Leathanaigh: 148; €12.00 Ceannaigh anseo é.

Léigh tuilleadh

An Fuíoll Feá – le Liam Ó Muirthile aistr. Gabriel Rosenstock (Cois Life, 2013) – Posted in: Seoltaí leabhar

Mar chuid d’Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath 2013, rinneadh ceiliúradh Dé Sathairn 16 Samhain ar An Fuíoll Feá: Rogha Dánta / Wood Cuttings: New and Selected Poems le Liam Ó Muirthile, aistrithe ag Gabriel Rosenstock. Sa taifead seo ón gceiliúradh, léann Liam an dán ‘Fómhar’ as an gcnuasach agus ina dhiaidh sin léann Gabriel Rosenstock an t-aistriúchán a rinne sé ar an dán agus míníonn sé an cur chuige aistriúcháin a tharraing sé chuige chun…

Léigh tuilleadh

Olivia Golden – saothar maisithe léi le feiceáil in IMMA 7 Samhain 2013 – Posted in: Gan chatagóir

Déanann Cois Life comhghairdeas le Olivia Golden a roghnaíodh i measc na n-ealaíontóirí  le haghaidh Pictiúr –  taispeántas de shaothair ealaíne le leabhair do pháistí a mhaisiú atá ar siúl ó 14 Samhain 2013 go dtí 12 Eanáir 2014 i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann, Cill Mhaighneann (IMMA). Tá saothar de chuid Olivia as an leabhar An Dragan Feasa a scríobh Rhiannon Watson ar taispeáint mar chuid de Pictiúr. Is féidir an leabhar a cheannach anseo. Is í Laureate na nÓg, Niamh…

Léigh tuilleadh
0
Cló Iar-Chonnacht