Home Page
Search Site
Home Page
Home Page Leabhair - Books Ce Muid - About UsNuacht - NewsClaraigh - RegisterTeagmhail - ContactCeol - Music
in irish/Gaeilge

News - Nuacht

News - Nuacht

Táirgí Nua / New Products

Learners - Foghlaimeoiri

Register - Claraigh

Book Clubs - Clubanna Leabhar

Gallery - Grianghraif

Register - Claraigh
Máirtín Ó Direáin: Na Dánta Fill ar Chatalóg / Return to Catalogue

Máirtín Ó Direáin: Na Dánta

Cuir sa chiseán
Add to basket
 
 
Rannóg: (Category)
Tagairt:
(Reference)
Praghas:
Clúdach crua/Hardback €20.00 (Price)
Ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Uí Shuilleabháin 2010 
 
Cuimsíonn an cnuasach, atá in eagar ag Eoghan Ó hAnluain, na dánta ar fad a bhí sa leabhar Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939 – 1979 chomh maith le riar mhaith dánta eile nach raibh le feiceáil in aon chnuasach eile roimhe seo. 

D’oibrigh an t-ealaíontóir Árainneach Seán Ó Flaithearta leis na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht ar an leabhar nua seo le líníochtaí spreagtha ag filíocht Uí Dhireáin a sholáthar. 
 
Eoghan Ó hAnluain

Iar-Léachtóir Sinsearach i Roinn na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath  is ea Eoghan Ó hAnluain, a saolaíodh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1938. Chaith sé tamall roimhe sin ina mhúinteoir meánscoile agus ina léachtóir i gColáiste Phádraig Droim Conrach. Ina eagarthóir ar Comhar ó 1966–70 agus dlúthbhaint aige le Cumann Merriman ó bunaíodh é i 1968. Ar na leabhair atá scríofa nó curtha in eagar aige tá Seon Ó hUaithnín (1973), An Duine is Dual: Aistí ar Sheán Ó Ríordáin (1980), Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939–1979 (1980), Léachtaí Uí Chadhain (1989), Leath na Spéire (1992), Ón Ulán Ramhar Siar (2002), cuimhní cinn Mháirtín Uí Dhireáin ar a shaothar féin. Is é a chuir eagar ar ‘Irish Writing: Prose Fiction and Poetry 
1900–1988’ sa Field Day Anthology
of Irish Writing (1992). 



Seán Ó Flaithearta

Árannach ó dhúchas é Seán Ó Flaithearta agus is i gCill Éinne atá a stiúideo lonnaithe.  I measc na mórthaispeántas a bhí aige bhí Dúch / Liv / Encre (2009), Scoilt leis an gCnámh (2009), Suan Cladaigh (2008), Dúch Yesenin / Yesenin’s Ink (2007–08), Deora Sáile (2005), Cosán Dearg (2001), Coiscéim na Trócaire (1995), Scadán Caoch (1993), Duán (1991) agus I nGéibheann (1989).  Tá roinnt mhaith seónna agus drámaí deartha aige chomh maith, ar nós In Ainm an Athar (An Taibhdhearc, 2006) agus Níor Mhaith Linn do Thrioblóid (An Taibhdhearc / Lóchrann 2000 / 2003).  Rinne sé ionadaíocht ar Éirinn ag Féile Lorient na Briotáine in 2009. 


Níl aon amhras ach go raibh Máirtín Ó Direáin (1910–88) ar dhuine de thriúr nó ceathrar filí a d’athraigh filíocht na Gaeilge ón mbonn aníos sa bhfichiú haois.  Sa leabhar seo tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin den chéad uair riamh gach uile dhán a scríobh an Direánach.  Tá na cnuasaigh filíochta go léir a foilsíodh lena bheatha ann: Coinnle Geala (1942), Dánta Aniar (1943), Ó Mórna agus Dánta Eile (1957), Ár Ré Dhearóil (1962), Cloch Choirnéil (1966), Crainn is Cairde (1970), Céacht an Éin (1979), Béasa an Túir (1984), Craobhóg Dán (1986), chomh maith leis na dánta a foilsíodh de chéaduair in Rogha Dánta (1949) agus in Dánta 1939–1979 (1980).  Sa leabhar seo freisin tá dornán beag dánta nár foilsíodh in aon leabhar go nuige seo.

In eagar ag Eoghan Ó hAnluain.  Ealaín le Seán Ó Flaithearta.

I Sruthán, Cill Rónáin, Árainn, a saolaíodh Máirtín Ó Direáin sa bhliain 1910. I ndiaidh dó an t-oileán a fhágáil i 1928, chuir sé faoi i nGaillimh, ag obair in oifig an phoist, sular thug sé aghaidh ar Bhaile Átha Cliath i 1937. Chuir sé suim san aisteoireacht agus bhí baint dhaingean aige le Conradh na Gaeilge i gcaitheamh a shaoil.  D’fhoilsigh Máirtín a chéad saothar filíochta i 1942 – Coinnle Geala – agus, ón am sin i leith, chuir sé tús le ré nua i bhfilíocht na Gaeilge agus bhain aitheantas idirnáisiúnta amach dá bharr. Bhásaigh sé sa bhliain 1988.
 
Cliceáil anseo chun léirmheas a scríobh ar an táirge seo / Click here to add a review of this product

Home | Book Catalogue | Music Catalogue | About CIC | News | Register | Contact Us | Links | Site Map
© Cló Iar-Chonnachta 2002. Gach ceart ar cosaint. Téarmaí agus Coinníollacha - Terms and Conditions