Ordaigh cóip de Na Dánta: Máirtín Ó Direáin anseo
Is é Na Dánta: Máirtín Ó Direáin leabhar na bliana Chumann Merriman 2010. Tá pacáiste speisialta inar féidir ballraíocht bliana a thógáil le Cumann Merriman agus cóip de leabhar na bliana a fháil san áireamh. An táille atá air ná €40. Tuilleadh eolais ar fáil ó shuíomh idirlín Chumann Merriman anseo
An Réamhrá (tógtha ón leabhar Na Dánta)
'Bhí an charraig oileánda ar ar tógadh mise ar muin na filíochta, gan bealach ag duine uaithi dá mb'áil leis é. Bhí sí sna brachlanna cúrbhánna a d'éiríodh de dhroim na mara glaise, i nglór na dtonn a bheireadh dúshlán carraige is trá agus bhí sí arís sa monabhar ciúin síoraí a níodh mallmhuir samhraidh is í ag súgradh go lách le ciumhais an chladaigh. Ach thar gach ní bhí sí i gcaint mo dhaoine' - Máirtín Ó Direáin
Fuair Máirtín Ó Direáin, ar ghort an bhaile in Árainn, na samhailteacha agus na siombailí a d'fheil go binn do chlaonadh dílis a shamhlaíochta. Nuair a chuaigh sé ag déanamh dánta deich mbliana tar éis dó Árainn a fhágáil is ar an dlúth sin - gnéithe aiceanta Árann, 'móinín, ulán, céim is carraig', agus meon agus nósa ar leith a mhuintire, an duine 'ag rámhadh in aghaidh a dháin ar ucht ard na farraige' - is air sin a d'fhigh sé inneach a chuid filíochta. Thug sé leis 'Samhail is ráite gach fir/A Shaibhrigh a óíge/Tráth ar líon a stór fís.'
Ceann de na tréithe is buaine dá chuid filíochta is ea an leas a bhaineann sé as na gnéithe seo agus as an bhfoclóir a ghabhann leo. I dtosach a shaothair is ar a son féin a tharraing sé chuige iad, é ag machnamh go cumhúil ar 'thír gheal na hóige', ach níos faide anonn is meán iad le fiúntais an tseantsaoil - mar a thugann seisean chun cuimhne iad - a dhearbhú in éadan mheath morálta agus cultúrtha na linne seo mar a fheictear sin dó. Is iontu a fuair sé an tslat a thomhaisfeadh an saol dó agus is iad a dhéanfadh fál dó idir é féin agus 'deamhain deabhaidh na sráide'. Ionracas agus inmhuiníne an tsaoil sin, timpeallacht shocair sheasta na sé bliana déag tosaigh dá shaol, chuaigh siad i gcion go domhain air agus d'fhan ina bhuachloch aige.